Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
B’as Inis Eoghain a tháinig muintir Uí Dhochartaigh i 1774 go Béal an Átha Móir. Nuair a bhí James óg, chonaic sé leac a raibh Eoghan Ó Dochartaigh agus 1774 scríofa uirthi ach ní fhaca sé an leac ó shin. | 00:01:02 | |
Scéal ar dóigh faoi Ghearóid Óg Ó Dochartaigh – eachtra a thit amach ina thaobh. Deirtear sa tseanchas go bhfuil lán craiceann searraigh d’óir i bhfolach ar an talamh. | 00:07:39 | |
James agus Dónalll ag déanamh cainte agus caibidil faoi Ghearóid Óg Ó Dochartaigh. Dhá dheartháir – Eoin agus James a bhí ins an scéal. Noble mar leasainm ar James – cur síos ar an dóigh a bhfuair sé an leasainm sin agus an dóigh a lean sé ar aghaidh. Seanchas faoina athair mór agus an ‘Noble Bar’. | 00:02:45 | |
D’fhág Clann Uí Dhochartaigh Inis Eoghain i 1774 nuair a díbríodh as a gcuid talaimh iad. Scéal faoin Ghorta Mór agus Páidí Beag as Leitir Bric a tharla ar an 12ú Meán Fómhair i 1846. | 00:04:06 | |
D’imigh Peadar Mhícheáil Noble (athair James) go Meiriceá agus cheannaigh sé féin agus a chuid deartháireacha (James agus Éamonn) cuid mhór talaimh in Great Falls in Montana. Ba ghnách leo crainn go leor a bhaint agus a thabhairt go muileann adhmaid lena ngearradh. Bhí siad ag gabháil go maith go dtí go dtáinig Peadar chun an bhaile lena athair a fheiceáil nuair a bhí sé ag éileamh. D’fhág sé Gearmánach i gceannas ar an obair thall ar feadh tamaill ach tharlaigh sé gur dhiúltaigh bean Pheadair pilleadh go Meiriceá. D’fhág sin a dhóigh féin ag an ghadaí de Ghearmánach agus chaill Peadar saibhreas de thairbhe. Fuair Séamus an fíorscéal amach nuair a bhí sé i Meiriceá i 2001. | 00:05:49 | |